 |
 |
|
Téarmaí Gnó |
Leagann na Téarmaí Gnó seo síos an bonn ar a gcuireann Gerard Sheehy seirbhísí gnó ar
fáil duit mar chliant aonair príobháideach den ghnólacht. Tóg cúpla nóiméad chun léamh tríd seo agus má tá aon cheist
agat beimid sásta iad a fhreagairt.
Eolas do Thomhaltóirí
Tá Gerard Sheehy faoi rialú an Rialtóra Airgeadais agus tá cóip den Ráiteas faoi Stádas Údaraithe
na gnólachta ar fáil ach é a iarraidh. Dá mba mhaith leat Stádas Údaraithe na gnólachta seo a sheiceáil, is féidir leat dul i dteagmháil
leis an Rialtóir trí ríomhphost ag:
registers@ifsra.ie nó ar an nguthán ag 1890 200 469.
Cur síos ar Sheirbhísí
-
Is seirbhís Fhorghníomhaithe amháin í an tseirbhís a chuirtear ar fáil duit anseo faoi Théarmaí Gnó.
Ní chuirfidh mé comhairle ort faoi na buntáistí a bhaineann le hidirbheart áirithe agus nuair atá tú ag plé
leis an suíomh seo, tá tú ag glacadh leis nach bhfuil tú ag súil le comhairle den
tsórt sin anseo.
Aon eolas a chuirtear ar fáil duit is chun a chur ar do chumas do chinneadh infheistíochta féin a dhéanamh
é agus ní moladh nó comhairle phearsanta atá i gceist.
Is táirgí árachas saoil iad na táirgí go léir a bhfuil Gerard Sheehy ceaptha
feidhmiú dóibh agus áirítear orthu sin polasaithe Pinsin, polasaithe Coigiltis agus Árachas Infheistíochta Saoil,
PRSAnna agus polasaithe de chineál Cosanta.
Tá Gerard Sheehy faoi rialú an Rialtóra Airgeadais.
Polasaí Luach Saothair
Faigheann Gerard Sheehy coimisiún agus íocaíochtaí eile ón táirgeoir táirgí a gcuirtear
orduithe chuige. Beidh sonraí achoimre na n-íocaíochtaí seo san áireamh i ndoiciméad faoi eolas ar tháirgí, ar doiciméad é
atá tú i dteideal a fháil go dlíthiúil sula mbeidh iarratas le haghaidh táirge comhlánaithe agus beidh sonraí iomlána san
áireamh i do litir shuaimhnithe. I gcás go gcuirfí in iúl duit nach bhfaigheadh Gerard Sheehy luach saothair ó na gnáth-théarmaí
coimisiúin ó na táirgeoirí, chuirfí é seo in iúl duit, agus bheadh sé comhaontaithe leat sula dtabharfaí aon chomhairle nó
sula ndéanfaí aon ghníomh. Is é €175.00 an bunráta in aghaidh na huaire.
D’fhéadfaí táillí breise a ghearradh i gcás cásanna casta nó chun luach, scileanna speisialta nó práinn a léiriú. Clúdóidh na táillí
sin an chomhairle ar chineál na dtáirgí agus ar roghnú táirgí oiriúnacha. I gcás go roghnódh cliant táirge arna eisiúint ag soláthróir
in Aguisín I, d’fhéadfadh coimisiún a bheith iníoctha agus á úsáid chun an táille dhlite a fhritháireamh. I gcás go mbeidh an coimisiún
níos mó ná an táille dhlite, is ionann an coimisiún agus an méid iníoctha leis an idirghabhálaí seachas i gcás go ndéantar malairt socraithe.
Coimhlintí leasa
Tá sé mar pholasaí ag an ngnólacht aon choimhlint leasa a sheachaint agus seirbhísí gnó á gcur ar fáil
againn dá gcliaint. I gcás go dtarlódh coimhlint dhosheachanta, áfach, cuirfimid ar an eolas tú i scríbhinn sula dtosóimid le haon seirbhís
ghnó a chur ar fáil. Sa chás nach gcuirfear coimhlint in iúl duit, tá tú i dteideal glacadh leis nach bhfuil ceann ann.
Déanfaidh Gerard Sheehy a chearta dlíthiúla a fheidhmiú, más gá, chun íocaíochtaí a fháil atá dlite ó chliaint as seirbhísí gnó a chuir an ghnólacht
ar fáil agus, cúiteamh a fháil as aon luach a bheidh faighte ag an ngnólacht do chliaint ag eascairt as íocaíochtaí ón ngnólacht thar ceann cliant a
mhainníonn ina dhiaidh sin aon íocaíocht a bheidh dlite don ghnólacht. D’fhéadfadh táirgeoirí táirgí aon sochair nó clúdach a tharraingt siar má mhainnítear
aon íocaíochtaí a bheidh dlite faoi aon táirge a bheidh socraithe ar mhaithe leat. Tá sonraí faoi na forálacha seo san áireamh i dtéarmaí agus coinníollacha
do tháirge.
Nós Imeachta Gearán
Ba cheart aon ghearán a d’fhéadfadh a bheith agat maidir leis an tseirbhís ghnó a bheidh curtha ar fáil duit a dhéanamh ó bhéal
nó i scríbhinn chuig an ngnólacht ag cur síos ar an gcineál gearáin atá agat. Aithneofar aon ghearán den
tsórt sin laistigh de 5 lá. Déanfaidh Gerard Sheehy
fiosrú iomlán ar an ngearán agus tabharfar freagra iomlán ort. Déanfaidh mé iarracht tú a fhreagairt tráth nach déanaí ná mí amháin ó bheidh do ghearán faighte.
Sa chás go mbeidh tú fós míshásta leis an tslí a ndeachaigh an ghnólacht i ngleic le do ghearán agus an freagra a thug siad duit, tá tú i dteideal an cás a chur
ar aghaidh chuig Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais. Is féidir dul i dteagmháil leis an Ombudsman ag
enquiries@financialobbudsman.ie nó ar an nguthán ar 1890 882 090.
Tá cóip iomlán dár nós imeachta gearán ar fáil ach í a iarraidh.
Is féidir gearán a bhaineann le pinsin a chur ar aghaidh chuig Ombudsman na bPinsean ag:
www.pensionsombudsman.ie
Suaimhneas Cliaint
Coinníonn Gerard Sheehy Árachas Slánaíochta Gairmiúil €1,500,000 do gach gníomhaíocht seirbhíse
Cuideachta Cúitimh Infheistíochta Teoranta
Is comhalta é Gerard Sheehy den Scéim Cúitimh d’Infheisteoirí, a chuireann réitigh áirithe ar fáil do chliaint
incháilithe ar mainneachtain ag an ngnólacht. I gcás ceart cúitimh a bhunú, is é 90% de do chaillteanas nó €20,000, cibé acu is lú a bheidh iníoctha.
Aguisín 1
Is iad seo a leanas na Táirgeoirí Táirgí a bhfuil litreacha ag Gerard Sheehy uathu feidhmiú mar idirghabhálaí:
-
Caledonian Life
-
Canada Life
-
Zurich Life
-
Friends First
-
Hibernian Life
-
Irish Life
-
Merrion Stockbrokers Ltd
-
Quinn Life
-
Scottish Provident
-
Scottish Mutual
-
Standard Life
-
Wealth Options
Na Cineálacha Táirgí ó Sholáthróirí Liostaithe
-
Pinsean
-
Cuntas Coigiltis Pearsanta Scoir
-
Pleananna Coigiltis
-
Táirgí Infheistíochta
-
Árachas Saoil
-
Clúdach Tinnis Sonraithe
-
Cosaint Ioncaim
-
Cistí Sindeacáite Maoine
-
Infheistíochtaí Díreacha Maoine - (nach bhfuil rialaithe ag an Rialtóir Airgeadais)
|
|
|
|
Naisc Úsáideacha maidir le PRSAnna
Cé go gcreidimid go gcabhróidh na naisc leat agus taighde á dhéanamh agat, ní féidir linn a bheith freagrach as ábhar
atá ar láithreáin ghréasáin sheachtracha.
|
|