 |
An bhFuil d’Obair Bhaile Déanta Agat?
-
Is éard atá mar aidhm leis an láithreán gréasáin seo ná
saoráid a chur ar fáil do na daoine sin a bhfuil tuiscint acu ar a gcuid riachtanas airgeadais
féin chun Gnáth-Chuntas Coigiltis Pearsanta Scoir a cheannach gan na costais a bhaineann
le comhairle airgeadais.
-
Mura dtuigeann tú cén fáth ar cheart duit coigilt trí PRSA nó
céard iad na cistí infheistíochta is oiriúnaí do do phróifíl riosca, tá tú san áit mhícheart.
Ní bhfaighidh tú aon chomhairle anseo.
-
Más gá duit taighde breise a dhéanamh, is féidir leat eolas níos ginearálta a
fháil faoi PRSAnna ón mBord Pinsean ag:
www.pensionboard.ie. Gheobhaidh tú beart eolais chomh maith
(lena n-áirítear roghanna ciste) ach iarratas a chur isteach
-
Más eolas sonrach atá uait, ansin is féidir leat logáil isteach ar fhóram PRSA
ar www.askaboutmoney.ie, agus eolas a fháil saor in aisce,
nó is féidir leat labhairt le comhairleoir i do cheantar
áitiúil, duine a ghearrfaidh táille ort.
-
Is seirbhís Forghníomhaithe, agus sin amháin, í an tseirbhís seo agus
is idir tú féin agus an táirgeoir táirgí a bheidh an conradh.
-
Is le Zurich Life atá an conradh ar fáil ar na téarmaí seo agus mar sin, ní ceart glacadh
leis gur moladh atá ann.
|
|
|
|
Naisc Úsáideacha maidir le PRSAnna
Cé go gcreidimid go gcabhróidh na naisc leat agus taighde á dhéanamh agat, ní féidir linn a bheith freagrach as ábhar
atá ar láithreáin ghréasáin sheachtracha.
|


|